Ár Misean

Sé an misean atá againn tionscail Rásaíochta agus Pórúcháin Capall Éireann a fhorbairt agus a chur chun cinn, spórt rásaíochta capall in Éirinn a riar agus a rialú, agus na caighdeáin is airde ionracais agus leasa a chothú agus a chur chun cinn.

Ár bhFís

Sí an fhís atá againn ná a chinntiú go mbeidh Éire ina ceannaire domhanda i Rásaíocht agus i bPórú Capall, ag cothú tionscal bríomhar tuaithe.

Ár gCroíluachanna

Tá rath ár Misean, Ár bhFís agus ár gCuspóir ag brath go mór ar rath ár muintire i Rásaíocht Capall Éireann. Tá ról ríthábhachtach ag ár bhfostaithe maidir lena chinntiú go mbainimid amach ár ngníomhaíochtaí laethúla gnó agus siad luachanna Rásaíocht Capall Éireann bunchloch den tslí a n-iompraíonn siad iad féin. Táthar ag súil go gcloífidh gach fostaí, bainisteoir agus stiúrthóir ar fud na heagraíochta lenár gcroíluachanna Bróid agus Paisean, Sármhaitheasa, Uaillmhian, Cumhachtú, Ionracas agus Meas.

Sainmhíníonn ár bhfís, ár misean agus ár gcroíluachanna ár gcuspóir, treoraíonn siad ár ngníomhartha agus múnlaíonn siad carachtar ár gcultúr anois agus sa dtodhchaí.

Laistigh dá shainchúram an sport a ríalú, a fhorbairt, a chur chun cinn agus a riaradh, clúdaíonn ghníomhaíochtaí Rásaíocht Capall Éireann réimse leathan agus siad na príomh chinn ná:

Roinn Rásaíochta

Tá an Roinn Rásaíochta freagrach as leithdháileadh bliantúil thart ar 390 laethanta rásaíochta go 26 ráschúrsa agus as gach clár rásaíochta a chruthú.

Tá an roinn freagrach as dáileadh bliantúil duais-airgid, le ranníocaíocht dhíreach Rásaíocht Capall Éireann san áireamh, agus tá smacht aici ar an gClár Forbartha Caipitil Ráschúrsa.

Tagann na seirbhísí ráschúrsa a sholáthraíonn Rásaíocht Capall Éireann faoi shainchúram na Roinne Rásaíochta, na stallaí tosaigh, bailchríoch grianghraf agus táirgeadh pictiúr ionracais.

Déanann an Coiste um Chearta na Meán idirbheartaíocht ar chearta meán do ráschúrsaí agus bainistíonn sé an conradh chun fuaim agus pictiúir a tháirgeadh ón rian le húsáid ag craoltóirí.

Tá an roinn freagrach freisin as na príomhréimsí a bhaineann le riarachán rásaíochta capall in Éirinn. Coinníonn Rásaíocht Capall Éireann an Córas Riaracháin Rásaíochta (CRR) a ligeann d'oiliúnóirí, do ghníomhairí marcach agus d’úinéirí dul ar líne chun déileáil le riarachán rásaíochta ó lá go lá ag baint úsáide as feistí soghluaiste cosúil le deasca, fóin chliste agus táibléid. 

Rannán Gealtóireachta

Ceadúnaíonn agus rialaíonn an Rannán Gealltóireachta gach geallghlacadóir ar chúrsa.

Leas Capall

Is í príomhaidhm na Rannóige Leasa Eachaí & Fuilstoic ná na caighdeáin árd-leasa a choinneáil i dtionscal folaíochta na hÉireann agus córas a chruthú trínar féidir na caighdeáin sin a fhíorú agus a fheabhsú de réir an dea-chleachtais atá ag teacht chun cinn in Éirinn agus thar lear.

Margaíocht & Digiteach

Cuireann an Roinn Margaíochta rásaíocht chun cinn don phobal trí fheachtais chomhtháite mhargaíochta náisiúnta. Cuireann sé seirbhís tacaíochta margaíochta tiomnaithe ar fáil do ráschúrsaí aonair ar fud na tíre a sholáthraíonn forbairt plean margaíochta, taighde margaidh, pleanáil meán, tacaíocht urraíochta agus seirbhísí bainistíochta imeachtaí. Déanann sé suíomh gréasáin Rásaíocht Capall Éireann agus suíomhanna meán sóisialta a bhainistiú agus a chur chun cinn freisin. 

Cumarsáid & Gnóthaí Corparáideacha

Tá an Roinn Cumarsáide freagrach as cumarsáid chorparáideach inmheánach agus sheachtrach, preasoifig Rásaíocht Capall Éireann agus bainistíocht imeachtaí, agus sí an pointe teagmhála díreach i Rásaíocht Capall Éireann don Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ranna agus comhlachtaí rialtais eile.

Tá an Roinn freagrach freisin as foilseacháin Rásaíochta Capall Éireann lena n-áirítear an Leabhar Faisnéise, Tuarascálacha Bliantúla, Pleananna Straitéiseacha agus Tuarascáil Eacnamaíochta.

Déanann fochuideachtaí Rásaíocht Capall Éireann feidhmeanna gnó ar leith:  

  • Is le HRI Racecourses Ltd na ráschúrsaí i gTigh na Síog, mBaile na Lobhar, san Uaimh agus i dTiobraid Árann.
  • FeidhmíonnTote Ireland Ltd an t-aon chóras gealltóireachta linne in Éirinn maidir le rásaíocht chapall. Oibríonn Tote seirbhísí gealltóireachta ag gach ceann de na 26 ráschúrsa in Éirinn. Tugtar gach brabús a ghineann Tote Ireland ar ais chuig rásaíocht chapall chun an tionscal a fheabhsú. Chomh maith le seirbhís gealltóireachta airgid a oibriú sna ráschúrsaí, dáileann Tote linnte rásaíochta Éireannacha go hidirnáisiúnta, rud a chiallaíonn go gcuireann Tótanna eile agus a gcomhpháirtithe timpeall an domhan geallta isteach i linnte Irish Tote. Oibrítear cuntais Tót anois i gcomhar le UK Tote trí www.toteireland.ie.
  • Tá Irish Thoroughbred Marketing freagrach as capall folaíochta na hÉireann a chur chun cinn thar lear. Tá sé maoinithe ag Rásaíocht Capall Éireann agus ag tionscal capall folaíochta na hÉireann araon.