Tá Rásaíocht Capall Éireann tiomanta d'ardchaighdeán seirbhíse a chur ar fáil dár gcustaiméirí go léir de réir an dá Phrionsabal déag Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí agus do Chliaint na Seirbhíse Poiblí. Tá sé i gceist againn ár bhfeidhmíocht a thomhas agus a mheas ar bhonn leanúnach ionas gur féidir linn an tseirbhís seo a choinneáil agus a fheabhsú. Léiríonn Cairt Chustaiméirí HRI ár dtiomantas dár gcustaiméirí i gcónaí, tugtar breac-chuntas ann freisin ar an slí a bhféadfadh ár gcustaiméirí aiseolas a thabhairt do Rásaíocht Capall Éireann mura bhfuil siad sásta lenár gcaighdeán seirbhíse, conas gearán a ardú.

    Tá ról ríthábhachtach ag ár bhfostaithe maidir lena chinntiú go mbainimid leibhéil seirbhíse den scoth amach dár gcustaiméirí, agus le seo san áireamh tá Fócas Custaiméirí againn mar phríomhinniúlacht do gach ról HRI, ina bhfuil ár gcroíluachanna mar bhunchloch trína n-iompraíonn ár bhfostaithe iad féin ina n-idirghníomhaíochtaí go léir.

    Siad Bród & Paisean, Sármhaitheas, Uaillmhian, Cumhachtú, Ionracas agus Meas Croíluachanna Rásaíocht Capall Éireann.

    Cliceáil chun doiciméad a fheiceáil: HRI CUSTOMER CHARTER 

Privacy