Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), 1997 tá an ceart ag gach duine:

    Eolas atá i seilbh comhlachtaí poiblí a fháil;

    Eolas oifigiúil a bhaineann leis/léi féin sa chás go bhfuil sé neamhiomlán, mícheart nó míthreorach a athrú;

    Cúiseanna a fháil do chinntí a théann i bhfeidhm ar dhuine féin.

    Ullmhaíodh agus foilsíodh an t-eolas seo de réir riachtanais ailt 15 &16 d'Acht 1997. Cuirfidh sé cabhair ar fáil dóibh siúd atá ag lorg eolais faoi na hAchtanna SF. Tar éis Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú) nua a achtú go déanach in 2014, tá treoir thagartha nua á hullmhú a fhoilseofar anseo go luath.

    Sé an cuspóir atá leis ná rochtain ar fhaisnéis oifigiúil atá i seilbh Rásaíocht Capall Éireann a éascú. Déanann sé é seo trí struchtúr agus feidhmeanna Rásaíocht Capall Éireann a leagan amach; na seirbhísí a chuirtear ar fáil agus conas is féidir leas a bhaint astu, na haicmí taifead atá á gcoimeád; agus conas is féidir iarraidh ar an HRI faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 a dhéanamh.  

    Eolas atá ar fáil go rialta

    Faoi láthair cuireann Rásaíocht Capall Éireann réimse eolais ar fáil don phobal maidir lena fheidhmeanna, a ghníomhaíochtaí agus a scéimeanna. Leanfar le faisnéis den sórt sin a chur ar fáil gan gá leis an Acht um Shaoráil Faisnéise a úsáid.  

    Leagtar béim sa leabhar tagartha seo, maidir le gach ceann de ghníomhaíochtaí Rásaíocht Capall Éireann ina bhfuil eolas den chineál seo ar fáil.  

    Go ginearálta, tá bileoga eolais ar fáil saor in aisce ó Rásaíocht Capall Éireann, agus is féidir tuairiscí, treoracha agus doiciméid maidir le cláir a cheannach go ginearálta ó Oifig Díolacháin Fhoilseacháin an Rialtais, Sráid Molesworth, Baile Átha Cliath 2 - Guthán: 01-6613111.

    Tá an tAcht um Shaoráil Faisnéise ceaptha chun rochtain phoiblí ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí a cheadú, rud NACH mbíonn ar fáil go rialta trí fhoinsí eile. Tá rochtain ar fhaisnéis faoin Acht faoi réir díolúine áirithe agus baineann nósanna imeachta sonracha agus teorainneacha ama leis. Tá fáisnéis maidir le hiarratas a dhéanamh faoin Acht seo leagtha amach in Alt 2.

    Príomhghnéithe an Achta 

    Conas is féidir iarratas a dhéanamh?

    Is féidir le duine fáisnéis atá clúdaithe leis an Acht a lorg ó Rásaíocht Capall Éireann trí iarratas scríofa a sheoladh chuig Rásaíocht Capall Éireann. Sonraítear san Acht go gcaithfidh iarratais:- 

    a) Bheith soiléir go bhfuil siad faoin Acht um Shaoráil Faisnéise agus

    b) Bheith soiléir go leor chun cur ar chumas an chomhlachta phoiblí na taifid atá á lorg a aithint.

    I gcásanna nach bhfuil an comhlacht poiblí soiléir maidir le cad iad na taifid atá á n-iarraidh, tá dualgas ar bhaill foirne iarracht a dhéanamh cabhrú leis an iarrthóir na taifid ábhartha a aithint. 

    Ba cheart iarratais ar eolas a sheoladh chuig:

    Comhordaitheoir SF,

    Rásaíocht Capall Éireann,

    Baile Máine,

    An Currach,

    Co. Chill Dara

    Guthán: (0)45 455 455

    Faics: (0)45 455 456

    Tar éis aon iarratais den sórt sin a fháil, déanfaidh Rásaíocht Capall Éireann athbhreithniú ar an iarratas chun a fháil amach an féidir déileáil leis an iarratas gan gá an tAcht um Shaoráil Faisnéise a úsáid, na huainiúcháin atá i gceist agus aon táillí a d'fhéadfadh teacht chun cinn.

    Teorainneacha Ama: Beidh suas le ceithre seachtaine ag Rásaíocht Capall Éireann chun freagra a thabhairt ar iarratas. 

    Táille

    Costaisí na n-iarratatas ar thaifid faoin Acht um Shaoráil Faisnéise seo a leanas: 

    Táillí Iarratais / Táillí Cuardaigh agus Aisghabhála agus Cóipeála

    D'fhéadfadh roinnt táillí a bheith i bhfeidhm maidir leis an am a chaitear ag lorg agus ag aisghabháil taifid a scaoiltear chugat agus maidir le cóipeáil aon taifead a scaoiltear. Ní dócha go dtiocfaidh táillí dá leithéid chun cinn más ar fhaisnéis phearsanta atá d'iarratas.

    Seo a leanas rátaí na dtáillí:

    €20.95 san uair cuardaigh agus aisghabhála

    €0.04 an bhileog ar fhótachóip

    €0.51 ar dhiosca ríomhaire trí orlach go leith ina bhfuil cóipdhoiciméid

    €10.16 ar CD-ROM ina bhfuil doiciméid chóip

    €6.35 do radagrafaíocht (X-gha) ina bhfuil cóipdhoiciméid

    Taiscí

    Tá taisce le híoc nuair a mheastar gur mó ná €50.79 an costas measta a bhaineann le cuardach agus aisghabháil taifead a lorgaítear. I gcás den sórt sin, ní mór gach iarracht a dhéanamh cabhrú leis an iarrthóir an t-iarratas a leasú chun méid na héarlaise a laghdú nó a dhíchur.  

    Laghdsithe agus Tarscaoileadh

    Tarscaoilfear táille maidir le cuardach agus aisghabháil agus cóipeáil taifead sa chás go sáródh an costas a bhainfeadh le bailiú agus cuntas a thabhairt ar an táille méid na táille féin (úsáidtear treoirlíne níos lú ná €10 ina leith seo);

    D'fhéadfaí táille maidir le cuardach agus aisghabháil agus cóipeáil taifead nó éarlais a laghdú nó a tharscaoileadh i gcás ina mbeadh an fhaisnéis sa taifead ina chabhair ar leith chun tuiscint a fháil ar shaincheist a bhfuil tábhacht náisiúnta léi.

    Baineann muirear le formhór na n-athbhreithnithe inmheánacha agus neamhspleácha (Coimisinéir Faisnéise) a bhaineann le rochtain ar thaifid neamhphearsanta. Tá laghdú ann do shealbhóirí cárta leighis. Cuirfidh an comhlacht poiblí ábhartha iad seo in iúl duit ag an am cuí.

    Díolúintí

    Is féidir aon eolas oifigiúil atá i seilbh Rásaíocht Capall Éireann a lorg faoin Acht. Mar sin féin, is gá díolúine a fháil ó chineálacha áirithe faisnéise a scaoileadh i gcúinsí áirithe. Tá siad seo leagtha amach i gCuid III den Acht.

    I measc na bpríomhdhíolúintí ná taifid a bhaineann le:

    Cruinnithe an Rialtais

    Plé comhlachtaí poiblí

    Feidhmeanna imscrúdaitheacha agus idirbheartaíocht

    Forfheidhmiú agus slándáil dlí

    Faisnéis rúnda agus íogair ó thaobh na tráchtála de

    Faisnéis phearsanta (seachas faisnéis a bhaineann leis an duine atá ag déanamh an iarratais)

    Leasanna eacnamaíocha an Stáit

    Níl an chuid is mó de na díolúintí sin iomlán. I bhformhór na gcásanna ní fhéadfaí faisnéis a choimeád siar ach amháin más féidir a léiriú go n-éireodh dochar nó gortú ar leith as nochtadh. Tá go leor acu faoi réir tástáil fhoriomlán maidir le cé acu an mbeadh nó nach mbeadh nochtadh ar mhaithe le leas an phobail.

    Athbhreithniú Inmheánach

    Má tá tú míshásta leis an bhfreagra a fuarthas (diúltú faisnéise, foirm rochtana, táillí, srl.), is féidir athbhreithniú inmheánach a lorg, a dhéanfaidh oifigeach ag leibhéal níos airde don oifigeach a dhein an cinneadh i dtús báire,

    Muna bhfuil freagra faighte laistigh de na ceithre seachtaine ó d'iarratas, meastar gur diúltú d'iarratas é seo agus ligeann sé duit dul ar aghaidh chuig athbhreithniú inmheánach.  

    Ba cheart iarratais ar athbhreithniú inmheánach a sheoladh chuig:-

    Comhordaitheoir SF,

    Rásaíocht Capall Éireann,

    Baile Máine,

    An Currach,

    Co. Chill Dara 

    Guthán: (0)45 455 455

    Faics: (0)45 455 456

    Ríomhphost: [email protected]

    Cearta Achomhairc

    Sa chás go ndiúltaítear iarratas, is féidir le hiarratasóirí achomharc a dhéanamh chuig an gcomhlacht poiblí a gcás a athscrúdú. Caithfidh go ndéanfadh duine níos sinsearaí ná an duine a dhein an cinneadh an athbhreithniú a dhéanamh. Is féidir leis an athbhreithneoir athrú nó aontú leis an mbunchinneadh. Ní mór athbhreithniú inmheánach a chur i gcrích laistigh de 3 seachtaine.

    Má tá an t-iarrthóir fós míshásta leis an gcinneadh, tá sé de cheart aige nó aici achomharc a dhéanamh chuig oifig neamhspleách an Choimisinéara Faisnéise.

    Achomhairc chuig an gCoimisinéir Faisnéise

    Tar éis duit an t-athbhreithniú inmheánach a chríochnú, is féidir leat athbhreithniú neamhspleách a lorg ar an gcinneadh ón gCoimisinéir Faisnéise. Mura bhfuair tú freagra ar athbhreithniú inmheánach agus athbhreithniú inmheánach laistigh de thrí seachtaine meastar gur diúltú é seo agus is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise.

    Is féidir achomhairc scríofa a dhéanamh go díreach chuig an gCoimisinéir Faisnéise ag an seoladh seo a leanas:

    Oifig an Choimisinéara Faisnéise

    18 Sráid Líosain Íochtarach

    Baile Átha Cliath 2

    Guthán: (0)1 6785222

    Faics: (0)1 6610570

    Ríomhphost: [email protected]

    Rúndacht

    Geallann Rásaíocht Capall Éireann go ndéanfar dian iarracht chun aon fhaisnéis a sholáthraíonn tú a choimeád faoi rún, faoi réir oibleagáidí Rásaíochta Capall Éireann faoin dlí, an tAcht um Shaoráil Faisnéise san áireamh. Más mian leat nár cheart aon chuid den fhaisnéis a sholáthraíonn tú a nochtadh mar gheall ar a íogaireacht, ba chóir duit, nuair atá an faisnéis á soláthar agat, an chúis chéanna a aithint agus cúis a shonrú lena íogaireacht. Raghaidh Rásaíocht Capall Éireann i gcomhairle leat faoin bhfaisnéis íogair seo sula ndéanfaidh tú cinneadh maidir le haon iarratas ar Shaoráil Faisnéise a fhaightear ina leith.

    Mura n-aithnítear faisnéis mar fhaisnéis íogair, le cúiseanna tacaíochta, ansin d'fhéadfaí í a scaoileadh mar fhreagra ar aon iarratas sf ábhartha.

Privacy