Faoi Rialacháin RFC (Rochtain na
gComhphobal Eorpach ar Fhaisnéis maidir leis na Rialacháin Chomhshaoil 2007 go
2018), tá sé de cheart agat faisnéis chomhshaoil áirithe a fháil ó údarás
poiblí. Is féidir leat rochtain a fháil freisin ar fhaisnéis faoin gcomhshaol
faoin reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise (SF).
Cuireann
Rialacháin RFX dualgas freisin ar údaráis phoiblí a bheith réamhghníomhach
maidir le faisnéis chomhshaoil a scaipeadh ar an bpobal agus iarrachtaí
réasúnta a dhéanamh faisnéis faoin gcomhshaol a choinneáil agus í a bheith i
bhfoirm atá inrochtana agus ar féidir í a atáirgeadh.
Cén
fhaisnéis is féidir liom a rochtain?
Leis na
Rialacháin RFC, is féidir leat rochtain a fháil ar fhaisnéis chomhshaoil arna
táirgeadh ag údarás poiblí, a fhaigheann údarás poiblí agus a choimeádtar in
áiteanna eile thar ceann an údaráis.
Cuimsíonn
faisnéis chomhshaoil faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:
Staid eilimintí
na timpeallachta, cosúil le haer agus atmaisféar, uisce, ithir, talamh,
tírdhreach agus láithreáin nádúrtha lena n-áirítear bogaigh, limistéir chósta
agus mara, éagsúlacht bhitheolaíoch agus a chomhpháirteanna, lena n-áirítear
orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus an idirghníomhaíocht i measc na n-eilimintí seo
Fachtóirí, mar shampla substaintí,
fuinneamh, torann, radaíocht nó dramhaíl, lena n-áirítear dramhaíl
radaighníomhach, astaíochtaí, sceitheadh agus eisiúintí eile isteach sa
chomhshaol, a dhéanann difear do ghnéithe an chomhshaoil nó ar dóigh dóibh
difear a dhéanamh dóibh
Bearta (lena
n-áirítear bearta riaracháin) ar nós beartais, reachtaíocht, pleananna, cláir,
comhaontuithe comhshaoil, agus gníomhaíochtaí a dhéanann difear do na
heilimintí agus na tosca dá dtagraítear thuas chomh maith le bearta nó
gníomhaíochtaí atá ceaptha chun na heilimintí sin a chosaint
Anailísí agus
toimhdí eacnamaíocha eile a úsáidtear le haghaidh na mbeart agus na
ngníomhaíochtaí thuasluaite
Staid shláinte
agus sábháilteacht an duine, lena n-áirítear éilliú an tslabhra bia, nuair is
ábhartha, coinníollacha shaol an duine, láithreáin chultúrtha agus struchtúir
thógtha a d'fhéadfadh tionchar a bheith ag gnéithe na timpeallachta orthu
Tuarascálacha
ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta comhshaoil.
Ba cheart
iarratais ar eolas a sheoladh chuig:
Comhordaitheoir
RFC,
Rásaíocht Capall Éireann,
Baile Máine,
An Currach,
Co. Chill Dara
Guthán: (0)45
455 455
Faics: (0)45
455 456
Ríomhphost:
[email protected]
Conas a
láimhseálfar m'iarratas?
Freagróidh Rásaíocht Capall
Éireann d'iarratas chomh luath agus is féidir, ar a
dhéanaí laistigh de 1 mhí tar éis dó é a fháil.
Má tá an
t-iarratas casta nó má tá a thuilleadh faisnéise ag teastáil, scríobhfaidh Rásaíocht Capall
Éireann chugat laistigh de mhí agus cuirfear in iúl
duit na deacrachtaí le d'iarratas a phróiseáil. Tabharfar dáta duit faoina
bhfreagrófaí tú, rud nach bhféadfaí bheith níos mó ná 2 mhí tar éis dó
d'iarratas bunaidh a fháil.
An féidir
rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol a dhiúltú dom?
D'fhéadfaí
rochtain ar roinnt cineálacha faisnéise a dhiúltú duit. Mar shampla, d'fhéadfaí
faisnéis a dhiúltú duit faoi shuíomh speiceas i mbaol dá bhféadfaí an t-eolas
seo a nochtadh an speiceas a chur i mbaol. D'fhéadfaí rochtain a dhiúltú duit
freisin ar dhoiciméid dhréachta nó neamhiomlána, cumarsáid inmheánach (amhail
ríomhphoist inmheánacha) nó ábhar atá íogair ó thaobh na tráchtála de.
Diúltófar d'iarratas ar fhaisnéis a
úsáideann na Rialacháin RFC má cheanglaítear an fhaisnéis a chur ar fáil faoi
aon fhoráil reachtúil eile - mar shampla, i gcás ina gceanglaítear ar údarás
pleanála an fhaisnéis a fhoilsiú nó comhad pleanála a chur ar fáil.
Cad is
féidir liom a dhéanamh má dhiúltaítear rochtain ar fhaisnéis dom?
Tabharfaidh Rásaíocht Capall
Éireann fógra duit faoi thoradh d'iarratais laistigh de
1 mhí. Mura bhfaigheann tú freagra laistigh den am seo is féidir leat glacadh
leis gur diúltaíodh d'iarratas.
Tá cúiseanna
ann nuair is féidir rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol a dhiúltú go dleathach
duit. Má dhiúltaíonn Rásaíocht Capall Éireann d'iarratas
ar fhaisnéis, áfach, nó murar dhéileáil sé le d'iarratas mar ba cheart, is
féidir leat athbhreithniú inmheánach a lorg ar an gcinneadh a dhein an t-údarás
poiblí.
Má tá
athbhreithniú inmheánach uait, ní mór duit é a iarraidh laistigh de 1 mhí ón
gcinneadh a fháil.
Achomhairc
chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil (CFC)
Mura bhfuil tú
sásta le toradh an athbhreithnithe inmheánaigh is féidir leat achomharc a
dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil (CFC). Ní mór duit
achomharc a dhéanamh laistigh de 1 mhí ón gcinneadh athbhreithnithe a fháil ón
údarás poiblí. Is féidir leis an CFC an teorainn ama a leathnú má chreideann
sé/sí go bhfuil sé réasúnta é sin a dhéanamh.
Ní mór
d'údaráis phoiblí cloí le cinntí an CFC agus más gá, is féidir leis an CFC
iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt chun go seasfaí le cinneadh. Foilsítear
cinntí an CFC ar ocei.gov.ie.
Is féidir leat
(nó aon duine eile go bhfuil tionchar ag cinneadh an CFC air) achomharc a
dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phointe dlí a thagann as an gcinneadh sin.
Is féidir achomhairc a dhéanamh ar líne nó a sheoladh chuig:
An Coimisinéir
um Fhaisnéis Comhshaoil
18 Sráid
Líosain Íochtarach
Baile Átha
Cliath 2
Éire
D02 HE97
Guthán: (01)
639 5689
Ráta Íseal:
1890 253 238
Faics: (01) 639
5674
Leathanach
baile: http://www.ocei.ie/
Ríomhphost:
[email protected]
Rátaí
Níl aon táille
i gceist as iarratas a dhéanamh ar fhaisnéis faoin gcomhshaol faoi
Rialacháin RFC. D'fhéadfá an t-eolas a fháil gan táille, ach d'fhéadfadh táille
a bheith i gceist chun na costais a bhaineann le faisnéis a thiomsú agus a
chóipeáil a chur san áireamh.
Seo a leanas
rátaí na dtáillí seo:
€20.95 san uair
cuardaigh agus aisghabhála
€0.04 an
bhileog ar fhótachóip
€0.51 ar
dhiosca ríomhaire trí orlach go leith ina bhfuil cóipdhoiciméid
€10.16 ar
CD-ROM ina bhfuil doiciméid chóip
€6.35 do
radagrafaíocht (X-gha) ina bhfuil cóipdhoiciméid
Níl aon táille ar athbhreithniú
inmheánach ar chinneadh ó údarás poiblí. Má chinneann an t-athbhreithniú,
áfach, gur chóir duit an fhaisnéis a d'iarr tú a fháil, d'fhéadfaí táille a
ghearradh ort as fótachóipeáil srl.
Cosnaíonn sé
€50 achomharc a dhéanamh chuig an CFC, nó €15 má tá cárta leighis agat.
Mura raibh tú i do pháirtí san iarratas bunaidh agus má tá tú ag déanamh
achomhairc ar chinneadh eolas a scaoileadh a mheasann tú a ionchoiriú, is é €15
an táille.
Tuilleadh
eolais
Tá freagracht
bheartais uileghabhálach ar an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide
agus Comhshaoil as RFC in Éirinn. Féach dccae.gov.ie chun tuilleadh eolais a
fháil.